Is é príomhchuspóir an tionscadail RULES_MATH caighdeáin mheasúnaithe a fhorbairt do chóras teagaisc/foghlama bunaithe ar inniúlachtaí don mhatamaitic san oideachas innealtóireachta.
Seo a leanas achoimre ar aidhmeanna an tionscadail:
(1) Samhail mheasúnaithe chomhoibríoch, chuimsitheach agus inrochtana, bunaithe ar inniúlachtaí, a fhorbairt don mhatamaitic i gcomhthéacs innealtóireachta.
(2) Na hacmhainní agus na hábhair a mhionléiriú agus a bhailiú a bheidh riachtanach chun cúrsaí measúnaithe bunaithe ar inniúlachtaí a cheapadh.
(3) An tsamhail a scaipeadh ar institiúidí ardoideachais na hEorpa trí na líonraí comhpháirtithe agus scaipeadh ar fud na hEorpa a chur chun cinn.
Tá taithí mhór ag na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an tionscadal RULES_MATH sa nuáil agus tá a gcéimeanna curtha in oiriúint do Phróiseas Bologna acu. Maidir leis na spriocghrúpaí le díriú orthu:
(1) Is é príomh-spriocghrúpa an tionscadail RULES_MATH an bhuíon múinteoirí, oiliúnóirí, léachtóirí agus taighdeoirí ollscoile matamaitice ó bhunchéimeanna, céimeanna máistir, nó ag leibhéal PhD (lena n-áirítear baill foirne ó chomhpháirtithe tionscadal), ar spéis leo a gcóras teagaisc a athrú sa réimse teagaisc/foghlama matamaitice. San áireamh tá daoine ar mian leo cur lena n-inniúlachtaí matamaitice ach úsáid a bhaint as na cúrsaí, na hábhair staidéir, an measúnú digiteach agus na huirlisí ríomhfhoghlama is airde.
(2) Is é an dara spriocghrúpa na mic léinn i mbunchéimeanna, céimeanna máistir nó cláir PhD san innealtóireacht. Beidh teacht acu ar na hábhair mheasúnaithe (acmhainní nua bunaithe ar inniúlachtaí) a chuirfidh feabhas ar a modh foghlama agus a fhágfaidh gur iad féin a bheidh freagrach as inniúlachtaí agus eolas a shealbhú.
De bharr go mbeidh torthaí an tionscadail RULES_MATH ar fáil mar OER, is féidir a chinntiú go ndéanfar taithí agus smaointe, féidearthachtaí agus acmhainní le haghaidh forbairt oibre, obair thaighde etc., a mhalartú. Eagraíochtaí oiliúna taighde, comhpháirtithe oiliúna fiontraíochta ollscoile, ionaid taighde agus institiúidí eolaíochta na sprioc-earnálacha. Tharlódh go mbainfeadh eagraíochtaí oiliúna, scoileanna agus eagraíochtaí oiliúna ollscoile tairbhe as freisin. D’fhéadfadh daoine aonair bheith i measc na n-úsáideoirí deiridh, daoine a bheadh ag foghlaim astu féin sa bhaile, a mbeadh spéis acu san fhéinoideachas ach nach mbeadh baint acu leis an oideachas foirmiúil de ghnáth, ar chúiseanna pearsanta, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhraithfeadh go ndéanfaí idirdhealú orthu de bharr steiréitíopaí sóisialta agus inscne.
Díreofar sa tionscadal RULES_MATH ar inniúlachtaí matamaitice agus ní ar ábhair mhatamaitice agus sin amháin, mar ab amhlaidh san am atá caite, i gcás tionscadail oideachais eile. Mar gheall go bhfuil i bhfad níos mó cur amach ag léachtóirí matamaitice ar an ábhar (an struchtúr matamaiticiúil) is dúshlán ollmhór é dóibh déileáil le spriocanna measúnaithe bunaithe ar inniúlachtaí. D’fhéadfaí ábhar a thabhairt dóibh, trí bhíthin an tionscadail seo, chun tacú leo maidir leis sin. Ina theannta sin, tá forbairt ar chur chuige nua ar an matamaitic á héileamh ag oiliúnóirí innealtóireachta agus eolaíochta chun mic léinn a spreagadh agus le go mbeidh mic léinn spreagtha chun matamaitic a fhoghlaim.