Mar is eol dúinn go léir, is cuid riachtanach de chéim innealtóireachta ar bith í an Mhatamaitic agus is uirlis í a mbaineann innealtóirí úsáid aisti ar feadh an tsaoil. Tá sé tábhachtach mar sin go mbainfí an leas ceart as an bhfaisnéis agus as na hinniúlachtaí sin. Maidir leis sin, mholamar an tionscadal ‘Rialacha Nua chun Measúnú a dhéanamh ar Inniúlachtaí sa Mhatamaitic’ chun an creat oideachais a athrú agus chun córas teagaisc agus foghlama comhchoiteann a bhaint amach ar fud na hEorpa a bheadh bunaithe ar inniúlachtaí seachas ar ábhair.
Mar bhealach chun dea-chleachtais agus modhanna nuálacha a chomhtháthú, tugtar comhpháirtithe le chéile leis an tionscadal RULES_MATH as ocht n-institiúid ardoideachais san Eoraip agus as institiúid taighde amháin, as ocht dtír éagsúla. Tá grúpa oibre bunaithe againn atá comhdhéanta de mhúinteoirí sinsearacha a bhfuil taithí mhór acu i dteagasc matamaitice, i mbainistiú tionscadal, nó i dtaighde idirnáisiúnta, chomh maith le teagascóirí agus oibreoirí nua, níos óige: Daniela R. agus Daniela V., ón University of Technology sa Bhratasláiv; Fatih ó Gazi University; Marie ón Czech Technical University i bPrág; Snezhana ó Plovdiv University; Luis, Agustín agus Víctor ón Spanish National Research Council; Deolinda agus Cristina ó Coimbra Institute of Engineering; Michael ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Ion ón Technical University of Civil Engineering Bucharest, agus an fhoireann ó University of Salamanca: Ascensión, Juanjo, Chus, Jesús, Ángel, Jose, María José, Gerardo, agus Araceli.
Beidh an grúpa oibre RULES_MATH ag obair i gcomhar i dtimpeallacht atá bunaithe ar inniúlachtaí d’fhonn rialacha nua a cheapadh maidir le measúnú, tacú le mic léinn, múinteoirí, oiliúnóirí agus foireann oideachais, chun feabhas a chur ar acmhainní TFC-bhunaithe chun inniúlachtaí matamaiticiúla a theagasc agus a fhoghlaim i dtimpeallachtaí innealtóireachta. Is i gcomhréir le plean bainistithe ardcháilíochta a bheidh an mhodheolaíocht don tionscadal seo, arna cur i bhfeidhm ar nithe insoláthartha tionscadal agus ar phróisis oibre tionscadal.
Ar aghaidh linn, tosaímis ag smaoineamh, ag réasúnú, ag samhaltú, ag ionadú, ag déanamh cumarsáide, agus pé rud is mian leat, sa mhatamaitic, le matamaitic agus faoin matamaitic.
Araceli.